Le Trisha Ní Loinsaigh
Bhuel, cad is spraoi le comhar oideachas? Agus cén fáth go bhfuil an méid sin éagrú le déanamh? Trisha is ainm dom agus táim féin faoi láithair leath slí tríd mo chomhar oideachas féin. Táim suite sa Spáinn, Seville. Is í Seville ceann de na cathracha is álainne ar an domhain i mo thuairimse féin. Tá sí comh difriúl le aon cathair eile sa Spáinn. Na daoine bríomhaire, na radharcanna álainne agus gan dabht an aimsir te nach bhfuil fiú in Éirinn i rith an tsamhraidh!
Tá sé riachtannach a bheith ullmhaithe don comhar oideachas. Cur i gcás: do chuid eitiltí, do mhalaí, tú féin a bheith ullmhaithe agus do chuid malaí tae gan amhras! Gan an ullmhú seo bheadh tú ag fanacht sa bhaile. Bhí orm gach uile rud a eagrú dom féin, ón nóiméad gur fuair mé amach go mbeadh mé ag múineadh Béarla sa Spáinn, go dtí an nóiméad gur bhual an eitleáin an talamh! Bhí orm an teach ollmhór atá again anois a ullmhú. Faoi láthair, táim i mo chónaí le seachtar eile ó Ollscoil Luimnigh agus tá sé ar fheabhas. Tá muid tá éis bualadh le an-chuid daltaí atá ag freastail ar an Ollscoil Sevilla. Táim tar éis mo chuid Spáinnis a fheabhsú agus gan dabht táim ag tabhairt cabhair do mo chuid chairde Spáinnise Béarla a labhairt!
Ní hamháin sin, ach is aoibheann liom an post atá agam anseo. Táim ag múineadh páistí, déagóirí agus tuismitheoirí de gach leibhéil an teanga álainn a thagann ina dhiaidh an Ghaeilge, sin í an Bhéarla. Gan dabht, ar dtús bhí sé cosiúl le laethanta saoire, ach anois táim ag obair agus i mo chónaí i Seville. Is é an taithí is fearr riamh!